FÁILTE GO GAELSCOIL UÍ CHÉADAIGH
Bunaíodh Gaelscoil Uí Chéadaigh sa bhliain 1995. Tá an bunscoil lán-Ghaeilge seo ag fás agus ag forbairt ó shin. Tógadh an fhoirgneamh nua sa bhliain 2011 agus rinneadh athchóiriú ar an seanscoil. Táimid thar a bheith bródúil as ár bpáistí, as pobal na scoile agus as ár bhfoirgneamh. Tá siúl againn go gcabhróidh an suíomh gréasáin seo le cumarsáid a chothú idir an scoil agus an saol.
CALENDAR
EVENTS LISTING
-
6-8
FEB
Cruinnithe Tuismitheoirí-Múinteoirí
Reachtáfar Cruinnithe Tuismitheoirí-Múinteoirí sa scoil ar an 6ú/7ú/8ú Feabhra.
-
9
FEB
Margadh Cistí do Lá Fhéile Vailintín
Ceann dos na hócáidí is fearr linn sa bhliain - An Margadh Cistí ar an Aoine 9ú Feabhra i rith am scoile. Is féidir na cácaí baile a thabhairt isteach an mhaidin sin.
-
15
FEB
Briseadh Méan-Téarma
Scoil dúnta ar an 15ú agus 16ú Feabhra - dhá lá.
-
23
FEB
Leath-lae Pleanála do Chaomhnú Leanaí
Dúnfar an scoil ag 12:00 p.m. ar an Aoine 23ú Feabhra chun oibriú ar threorlínte na Roinne maidir le Caomhnú Leanaí.
-
22
MAR
Cóineartú
Cabhair uainn ó thuistí Rang 5 agus tuistí eile le bhur dtoil chun an halla a réiteach agus bia a chur ar fáil dos na páistí agus a gclainnte. Míle buíochas.