ÁR SCOIL

Bunaíodh Gaelscoil Uí Chéadaigh le freastal ar an éileamh ó thuismitheoirí do bhunoideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí.


Tugadh aitheantas buan don scoil sa bhliain 1998 agus táimid ag fás ó shin.


Sa bhliain 2000 bhog an scoil chuig láthair buan ar Bhóthar Vevay, go foirgneamh a tógadh sa bhliain 1932, do Scoil Naomh Chrónáin.


Tógadh an síneadh nua sa bhliain 2011 agus deineadh ath-chóiriú ar an seanscoil. Is foirgneamh í anois atá geal agus fairsing agus is áit cuí álainn í dár bpáistí, don fhoireann, do thuismitheoirí agus don phobal uile.


Is bunscoil lán-Ghaeilge Chomhoideachais, Chaitliceach, í Gaelscoil Uí Chéadaigh.


Feidhmíonn an scoil faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna.


Tá Gaelscoil Uí Chéadaigh faoi phátrúntacht an Fhorais Phatrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.


Cuirfear fáilte agus léirítear meas ar gach páiste a thagann go Gaelscoil Uí Chéadaigh cuma cén cúlra teanga, sóisialta, creidimh nó náisiúntachta atá acu.


Bíonn tuismitheoirí ag gníomhiú go dearfach in obair na scoile faoi threoir na múinteoirí.